
Coláiste dara leibhéal Bhord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí @corketb i gceartlár Ghaeltacht Mhúscraí.
Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí.
Joined February 2015
- Tweets2.3K
- Following146
- Followers654
- Likes1.2K
Fuaireamar an dea-scéal go bhfuil Almha Ní Aodha agus Eithne Ní Laocha cáilithe do Chomórtas Eolaí Óg Stripe. Guímid gach rath orthu agus ar a múinteoir Iníon Ní Ríordáin
@StripeYSTE
Cairde Pinn
Tá ranganna Gaeilge na chéad bhliana tar éis cairde pinn a chruthú le daltaí i gColáiste an Phiarsaigh i nGleann Maghair le déanaí. Sheoladar litreacha chucu an tseachtain seo agus táid ar bís chun litreacha a fháil thar n-ais uathu go luath.
Díolachán Cístí – Mí Feasachta ar Ailse Chíche @BreastCancerIre
Reáchtáladh díolachán cístí maidir chun de “Lá Bándearg”. Fuair na daltaí idirbhliana tacaíocht mhór óna comhscoláirí. Bailíodh €1133.00 san iomlán ar an lá – éacht den scoth. 1/2
Lá Bándearg – Mí Feasachta ar Ailse Chíche
Reáchtáladh Lá Bándearg ar scoil inniu chun tacú le Breast Cancer Ireland – is í mí Dheireadh Fómhair Mí na Feasachta ar Ailse Chíche. D’eagraigh muintir na hIdirbhliana, faoi stiúir Iníon Ní Ríordáin, an ócáid agus rinne siad sárjab1/2
Thacaigh daltaí agus baill foirne go mór leis an lá. Maith sibh agus míle buíochas le gach duine a ghlac páirt agus a thacaigh leis an gcarthanacht fhíorthábhachtach seo! Fógrófar an méid iomlán a bailíodh amárach.
@CorkETB @BreastCancerIre
2/2
Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain @GaelLinn
Bhíomar mar scoil óstach don chéad bhabhta de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain le déanaí. Chuireamar fáilte roimh Scoil Mhuire, Pobalscoil Chorca Dhuibhne agus Gaelcholáiste Chiarraí. Bhí Máiréad Ní Mhurchú, Ellen Ní Liatháin1/2
Samplaí d’ealaín - Sraith Shóisearach agus Ardteist 2026
Déanta faoi stiúir Iníon Ní Ruairc
#gobuaicdochumais #ealaín
Beidh ár scoil dúnta amárach mar gheall ar ghníomhaíocht thionsclaíoch.
Due to industrial action our school will be closed tomorrow.
Comhghairdeas le hAoibhínn Ní Thuama!
#gobuaicdochumais #tírganteangatírgananam
Lá Oiliúna le @oide_Ireland
Bhí na múinteoirí go leor ar an mbóthar inniu D’fhreastalaíomar ar oiliúint le hOide. Is seirbhís tacaíochta í Oide do cheannairí scoile agus múinteoirí. Bhíomar ag foghlaim faoi na hathruithe ar an ardteistiméireacht.




































