Cumann Merriman (@CumannMerriman) header
Cumann Merriman (@CumannMerriman) profile picture

Scoil Gheimhridh bhliantúil. Plé ar gach gné de shaol na hÉireann. Annual winter school. Discussions on all aspects of Irish life.

Droim Conrach, BÁC 9
Joined July 2014
Photo by Cumann Merriman (@CumannMerriman)Photo by Cumann Merriman (@CumannMerriman)Photo by Cumann Merriman (@CumannMerriman)Photo by Cumann Merriman (@CumannMerriman)Photo by Cumann Merriman (@CumannMerriman)Photo by Cumann Merriman (@CumannMerriman)Photo by Cumann Merriman (@CumannMerriman)Photo by Cumann Merriman (@CumannMerriman)Photo by Cumann Merriman (@CumannMerriman)Photo by Cumann Merriman (@CumannMerriman)
Tá áthas orainn a fhógairt go mbeimid ag filleadh ar Óstán an Old Ground in Inis do Scoil Gheimhridh Merriman 2026, An Gúm @ Céad: Fís, Friotal agus Foilsitheoireacht na Gaeilge". An 23-26 Eanáir 2026 is ea dátaí na Scoile agus tá eolas faoi na socruithe ar an suíomh.
1
3
4
268
An deireadh seachtaine beagnach críochnaithe a chairde, agus tá Muiris Ó Raghallaigh linn arís chun clabhsúr a chur leis an scoil leis an gcaint Léargas Físiúil ar Ghnéithe de Shaothair An Ghúim.
1
2
1
149
Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis agus leis na cainteoirí, na baill choiste agus chumainn agus an lucht féachana ar fad a chuir go mór leis an deireadh seachtaine. #scoilmerriman2026 #gaeilge #angúm@100
2
45
Seosamh Ó Murchú in éineacht le Máire Ní Neachtain ag tabhairt sciuirde trí na saothair a d'fhoilsigh an Gúm ó na luathbhlianta ar aghaidh. #scoilmerriman2026 #gaeilge
1
3
3
208
Caint ghrinn éirimiúil thaitneamhach tugtha ag Pádraig Ó Mianáin in Ó leathanaigh chlóite go leathanach baile: Éabhlóid na foclóireachta i ré an Ghúim. Léargas iontach ar éabhlóid cheird na foclóireachta Gaeilge ó 1926 go dtí an lá atá inn ann. #scoilmerriman2026 #gaeilge
4
6
276
Ár gcomhleacaí, Brian Ó Dálaigh, cisteoir Chumann Merriman, ag tabhairt cainte ar scríbhneoirí Gaeilge an Chláir i Leabharlann Phoiblí De Valera. Caint iontach cuimsitheach agus suimiúil. Eagraíodh an t-imeacht seo i bpáirt le Leabharlann Chontae an Chláir.
1
2
2
141
Léargas iontach suimiúil ansin a Antain, agus léiriú iontach ar thábhacht an aistriúcháin do litríocht na Gaeilge le linn luathbhlianta An Ghúim. Leis an gcaint sin, tá Siompóisiam an Ollaimh Tom Redshaw ag teacht chun deireadh.
1
1
2
100
Go raibh maith agaibh agus ag gach cainteoir as a bheith inár láthair. Ná dearmadaigí go mbeidh turas ar Leabharlann na hInse ag a 2 i.n. ina mbeidh Caint agus Taispeántas ar Údair ó Chontae an Chláir #siompóisiamtomredshaw #scoilmerriman2026 #gaeilge
2
4
103
Go raibh maith agat as ucht do chainte breá eolasaí ansin a Bhreandáin. Anois, beimid ag éisteacht le hAntain Mag Shamhráin agus ag labhairt mar gheall ar Gnéithe d’aistriúchán an Ghúim sna blianta tosaigh #siompóisiamtomredshaw #scoilmerriman2026 #gaeilge
1
2
124
A chairde, tá súil agam go bhfuil cúrsaí go maith libh is gur bhain sibh taitneamh as imeachtaí na hoíche aréir. Beimid ag tosú leis an siompóisiam ar maidin. I dtosach, beidh Caoimhe Nic Lochlainn ag tabhairt cainte ar Mná an Ghúim: Scéalta Ceilte sa Chartlann
1
1
1
91
Caint bhreá lán léargais ansin, a Chaoimhe. An chéad chainteoir eile atá linn ná Breandán Ó hUallacháin a bheas ag tarraingt ar ábhar ón gCartlann an Ghúim freisin ina chaint: Comhfhreagras an Ghúim i gcomhaid oideachais sa Chartlann Náisiúnta #scoilmerriman2026 #gaeilge
1
1
93
Gearóidín Uí Laighléis agus Muiris Ó Raghallaigh i mbun allagair anois lenár gcomhghleacaí Síle Ní Choincheannain ar Luathbhlianta An Ghúim #scoilmerriman2026 #gaeilge
2
3
197
Domhnall Ó Loingsigh, rúnaí An Clár as Gaeilge agus láithreoir raidió ar Clare FM, atá ag oscailt na Scoile anocht. Tá an-tacaíocht tugtha ag An Clár as Gaeilge, agus ag Domhnall go háirithe, do Scoil Merriman 2026. @ClarasGaeilge
1
2
94
Meabhrú beag go mbeidh Scoil Gheimhridh Merriman 2026 ar siúl an deireadh seachtaine seo, ón 23-25 Eanáir. Tá an clár ar fáíl anseo merriman.ie/ga/geimhreadh-20… Is féidir ticéad a cheannach ar eventbrite nó ag an deasc. eventbrite.ie/e/scoil-gheimh…
2
3
76
A Chairde, Tá Clár Scoil Gheimhridh Merriman 2026, An Gúm @ 100: Fís, Friotal agus Foilsitheoireacht na Gaeilge, ar fáil anois. Mar a fheicfidh sibh, tá sé lán go barra le cainteanna léannta, tathagacha a bhfuil ábhar suime do gach duine iontu.
1
2
3
94
Beidh an Scoil ar siúl in Óstán an Old Ground, Inis, Co. an Chláir ón 23-25 Eanáir. Tá tuilleadh eolais faoi lóistín agus táillí ar shuíomh idirlín na scoile: merriman.ie/ga/geimhreadh-20…
1
1
41
Ná dearmadaigí gur féidir ticéid deireadh seachtaine a cheannach ar eventbrite: eventbrite.ie/e/198007353925… Is féidir ticéid deireadh seachtaine agus d'imeachtaí aonair a fháil ag an deasc freisin.
1
47
A Chairde, tá an leathanach Eventbrite ar oscailt anois do thicéid deireadh seachtaine Scoil Merriman 2026 - An Gúm @ 100: Fís, Friotal agus Foilsitheoireacht na Gaeilge. Gheobhaidh tú gach eolas i dtaobh na scoile ar an leathanach eventbrite seo: eventbrite.ie/e/198007353925…
1
2
2
223
Ar ndóigh, is féidir ticéid deireadh seachtaine a cheannach ag an deasc freisin, chomh maith le ticéid d'imeachtaí aonair na scoile.
1
32